Tá tógáil chlainne le Gaeilge ríthábhachtach do bhisiúlacht na teanga amach anseo. Tarlaíonn sealbhú teanga sna luathbhlianta agus tá sé thar a bheith tábhachtach an sprioctheanga a labhairt leis an bpáiste chomh minic agus is féidir le linn na mblianta sin. Ní mór fearainn ar leith ina bhfuil an sprioctheanga chun cinn iontu a chruthú don pháiste chun an deis is fearr a thabhairt don sealbhú teanga.
Ní mór mar sin, seirbhísí agus tacaíochtaí a fhorbairt chun go mbeidh teaghlaigh ag fáil an deis is fearr ó thaobh clann a thógail le Gaeilge. Bíonn a lán oibre agus díograis ag teastáil chun tabhairt faoin ghníomh seo. Thabharfadh Seirbhís Tacaíochta Teaghlaigh i ngach ceantar Gaeltachta agus i ngach pobal Gaeilge gach áit ar fud na tíre an tacaíocht chuí do thuismitheoirí atá i mbun an ghnímh seo. Moltar go mbeidh na feidhmeanna seo a leanas bainteach le gach Seirbhís Tacaíochta Teaghlaigh:
- Saineolas agus comhairle a chur ar fáil maidir le clann a thógáil le mionteanga;
- Comhairle a chur ar fáil maidir le buntáistí an dátheangachais do na teaghlaigh sin a bhfuil Gaeilge ag tuismitheoir amháin;
- Gréasán tacaíochta a fhorbairt do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge;
- Acmhainní ar nós cluichí Gaeilge, leabhar Gaeilge, srl., a chur ar fáil do theaghlaigh;
- Fearainn a chruthú ina mbeidh teaghlaigh le Gaeilge ábalta teacht le chéile agus Gaeilge a úsáid mar theanga chumarsáide;
- Taighde leanúnach a dhéanamh ar riachtanais na dteaghlach sin a labhraíonn Gaeilge sa bhaile i dtaobh tacaíochtaí agus comhairle;
- Feasacht a ardú sna pobail Ghaeilge maidir le tábhacht an Ghaeilge a chur ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile agus plé a thosú le tuismitheoirí óga maidir leis seo.
Is é seachadadh idirghlúine na Gaeilge an gníomh is tábhachtaí atá ann a chinnteoidh todhchaí na sprioctheanga go ceann glúin eile ar a laghad. Ní mór na seirbhísí riachtanacha a fhorbairt chun an gníomh seo a spreagadh i measc tuismitheoirí óga agus tacú leo siúd atá ag díriú ar an ngníomh seo faoi láthair. Sa chomhthéacs seo, bheadh Seirbhís Tacaíochta Teaghlaigh i ngach Gaeltacht agus Gaelphobal tairbheach agus buntáisteach do staid na Gaeilge san am amach romhainn.
