Blog

Achoimre ó ‘Gaelphobail Nua-aoiseacha: Inmharthanacht agus Pobail Mhionteanga i Saol faoin Domhandú’

Is é príomhchuspóir an taighde seo ná iniúchadh a dhéanamh ar na fachtóirí a bhaineann le hinmharthanacht i bpobail mhionteanga na sochaí nua-aoisí. Díríonn an staidéar nua agus uathúil seo ar Ghaelphobail atá ceantrach-bhunaithe agus ar phobail Ghaeilge a fheidhmíonn trí ghréasáin shóisialta mar chás mionteanga ar leith chun na fachtóirí seo a chíoradh. Taispeánann teoiricí Fishman (1989; 1991; 2001) an tábhacht a bhaineann le seachadadh idirghlúine na mionteanga agus an nasc idir an baile, an chomharsanacht agus an pobal i gcothú na mionteanga agus cuirtear argóintí chun cinn i bhfabhar dlúthphobal déimeagrafach sa chothú sin. Cíorann an tráchtas seo na teoiricí seo, chomh maith le teoiricí eile a bhaineann le hinmharthanacht mhionteanga, agus rinneadh taighde príomhúil chun na teoiricí seo a mheas. Baineadh úsáid as modhanna measctha chun eolas a bhailiú don taighde, léirmheas litríochta, agallaimh, agallamh grúpa agus ceistneoir go príomha.

Léiríonn an taighde, cé go bhfuil méadú tagtha ar úsáid na Gaeilge leis na glúnta éagsúla ó ghlúin na seantuismitheoirí síos go dtí glúin na ngarpháistí sna Gaelphobail atá faoi scrúdú anseo, go bhfuil an dátheangachas chun cinn sna pobail ar fad. Taispeántar an tionchar a imríonn an tógáil Ghaeilge aonteangach ar iompar teanga rannpháirtithe an taighde seo níos déanaí le linn an tsaoil le tromlach an ghrúpa sin ag tógáil a bpáistí féin le Gaeilge inniu agus úsáid níos fabhraí i leith na sprioctheanga i gceist leo i gcomparáid leis na rannpháirtithe a tógadh le Béarla. Léirítear chomh maith gur ghlac tromlach na dtuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge sa staidéar seo cinneadh comhfhiosach maidir leis an mbeartas seo. Mar atá pléite ag Ó Giollagáin et al (2007a), d’fhéadfadh an cás seo castacht nó leochaileacht atá ag an bpobal teanga ina chuid teagmhálacha le pobal teanga eile a thaispeáint agus d’fhéadfaí hipitéis a thabhairt sa chás seo go bhfuil na tuismitheoirí ag dul i ngleic leis seo trí chinneadh comhfhiosach a ghlacadh maidir le cur ar aghaidh na mionteanga chuig an gcéad ghlúin eile.

I gcomhthéacs theoiricí Fishman ar inmharthanacht an phobail mhionteanga, taispeánann an taighde seo go bhfuil fearann an teaghlaigh sna pobail faoi scrúdú i mbaol ó thaobh cothú na mionteanga de agus nach bhfuil an chomharsanacht ag feidhmiú mar fhearann cothaithe do pháistí na bpobal seo. Léiríonn torthaí an cheistneora go bhfuil iompar teanga níos láidre i bhfabhar na Gaeilge soiléir i gcás na rannpháirtithe a bhfuil cónaí orthu i gcomharsanachtaí Gaeilge agus go bhfuil bunús áitiúil ag formhór na ngréasán sóisialta atá ag rannpháirtithe an taighde. I gcás an staidéir seo, tá sé soiléir go bhfeidhmíonn na pobail Ghaeilge ar bhonn logánta den chuid is mó.

Taispeánann an taighde seo go bhfuil modhanna forbartha pobail éagsúla i bhfeidhm sna pobail faoi scrúdú ach meastar go bhfuil éifeachtacht ar leith ag baint leis an gcur chuige ón mbun aníos, cás a chruthaíonn úinéireacht, rannpháirtíocht phobail agus tógáil nasc i measc na mball. Taispeánann an staidéar seo an ról tábhachtach a imríonn siombailí i gcothú na sprioctheanga agus an nasc a dhéanann baill phobail le stair, oidhreacht agus cur faoi chois i gcomhthéacs na Gaeilge. Airítear an tionchar a imríonn an mhórtheanga ar úsáid na mionteanga, an brú síoraí a mhothaítear uaidh agus an creimeadh a dhéanann sé ar phobail na Gaeilge. Taispeánann an taighde seo, má tá an mhionteanga le cothú, go bhfuil gá le teorainneacha éifeachtacha a fhorbairt leis an mórtheanga chomh maith le tacaíocht chuí stáit chun staid níos fabhraí a chruthú do Ghaelphobail chomhaimseartha na linne.


Follow My Blog

Get new content delivered directly to your inbox.