Is mise An Dr. Ursula Ní Shionnain agus bhunaigh mé an comhlacht Sainchomhairle i 2021 chun freastal ar riachtanais phobail na Gaeilge i dtaobh taighde, pleanáil teanga agus sainchomhairleoireacht de. Tá céim B.A. bainte amach agam sa Luath agus Nua Ghaeilge ó Choláiste na Tríonóide agus M.A. sa Phleanáil Teanga ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh. Chuir mé Ph.D. i gcrích i 2020 leis an Roinn Staidéar Sóisialta Feidhmeach, Coláiste na hOllscoile Corcaigh.
Ursula Ní Shionnain Ph.D.

I am Dr. Ursula Ní Shionnain and I established the company Sainchomhairle in 2021 to serve the needs of the Irish language community in relation to research, language planning and consultancy. I have a B.A. degree in Early and Modern Irish from Trinity College and an M.A. in Language Planning from Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, N.U.I. Galway. I completed a Ph.D. in 2020 with the School of Applied Social Studies at University College Cork.
Tá go leor taithí bainte amach agam ag obair in earnáil na Gaeilge agus i réimse na pleanála teanga. Seo a leanas roinnt den obair agus taighde atá curtha i gcrích agam sa réimse seo:
- Scríobh mé tráchtas M.A., ‘Gaelphobail á mBeartú: Pleanáil Riachtanach d’Inmharthanacht Pobail Nua Teanga’, ar na tacaíochtaí atá ag teastáil chun Gaelphobail nua a bhunú taobh amuigh den Ghaeltacht (2011)
- Rinne mé taighde agus scríobh mé an plean teanga do Líonra Gaeilge Iarthar Bhéal Feirste (2018/9)
- Scríobh mé tráchtas dochtúireachta, ‘Gaelphobail Nua-Aoiseacha: Inmharthanacht agus Pobail Mhionteanga i Saol faoin Domhandú’, ar na fachtóirí a bhaineann le hinmharthanacht phobail chomhaimseartha na Gaeilge sa tsochaí nua-aoiseach (2020)
- Rinne mé taighde ar ghréasáin na nGael fud fad na tíre mar chuid de straitéis An Oireachtais (2020)
- Rinne mé taighde ar na dúshláin a bhaineann le craoladh trí mheán na Gaeilge don Oireachtas (2021)
- D’oibrigh mé i gcomhar le Cathair Saidhbhín le Gaeilge ar a bplean teanga do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Chathair Saidhbhín (2022).
Tá spéis ar leith agam sa phleanáil teanga, sa tsochtheangeolaíocht agus san fhorbairt pobail agus tá mé díograiseach faoi chur chun cinn na Gaeilge agus cúrsaí mionteanga.
I have gained a lot of experience working in the Irish-language sector and in the area of language planning. Here is some of the work and research I have completed in this area:
- I wrote the M.A. thesis, ‘Planned Irish-language Communities: Essential Planning for the Viability of New Language Communities’, in relation to the supports that are needed to estabish new Irish-language communities outside of the Gaeltacht (2011)
- I carried out the research and wrote the language plan for West Belfast’s Irish-language Social Network (2018/19)
- I wrote the doctoral thesis, ‘Modern Irish-language Communities: Viability and Minority Language Communities in a Globalising World’ on the factors relating to the viability of contemporary Irish-language communities in modern society (2020)
- I researched the networks of Irish speakers all over Ireland as part of the strategy of An tOireachtas (2020)
- I carried out research on the challenges relating to broadcasting through the medium of Irish for An tOireachtas (2021)
- I worked in collaboration with Cathair Saidhbhín le Gaeilge on their language plan for the Gaeltacht Service Town of Cahirsiveen (2022)
I have a particular interest in language planning, sociolinguistics and community development and I’m passionate about the promotion of Irish and minority language matters.