Tá Sainchomhairle ceaptha mar chomhairleoir pleanála teanga don Chlochán. Tá an baile seo ag lorg aitheantais mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus tá plean teanga á dhréachtú faoi láthair ag an Dr. Ursula Ní Shionnain. Beidh an próiseas taighde ag teacht chun críche sna seachtainí amach romhainn agus beidh dréacht den phlean á chur faoi bhráid Fhoras na Gaeilge le bheith faofa.
Beidh Sainchomhairle ag glacadh le cliaint nua sa tréimhse amach romhainn. Má tá suim ag do cheantar plean teanga a scríobh, is féidir le Sainchomhairle cúnamh agus tacaíocht a thabhairt. Déanann Sainchomhairle taighde ar chúrsaí mionteanga, pobail agus cultúir agus cuireann muid seirbhísí sainchomhairleoireachta ar fáil chomh maith. Déan teagmháil linn ag eolas@sainchomhairle.com le haghaidh tuilleadh eolais.
